💚 Seachtain na Gaeilge 2025! 💚 10ú - 14ú Márta ☘
Táimid ag tnúth go mór le Seachtain na Gaeilge eile iontach inár scoil atá lán le gníomhaíochtaí agus imeachtaí spraíúla agus tarraingteacha! Seo a leanas na himeachtaí atá eagraithe don tseachtain:
Nuacht na Maidine Daily News
Tosaíonn gach lá le fógraí na maidine as Gaeilge léite amach ag na daltaí (ar an gcallaire). Cloisfimid eolas faoi imeachtaí an lae agus nuacht eile ag na daltaí.
Comórtas Seanfhocal Irish Proverb Poster Competition
Beidh an scoil ar fad ag glacadh páirte i gcomórtas seanfhocal. Dearfaidh na daltaí póstaer a léiríonn seanfhocal Gaeilge. Beidh duaiseanna ann!
Siúlóid agus Comhrá Walk and Talk
Beidh dhá rang ag obair le chéile i mbeirteanna, ag siúl agus ag caint timpeall an 'walkway', ag úsáid ceisteanna faoi leith chun comhrá a spreagadh.
Cairde Léitheoireachta Buddy Reading
Cosúil le 'Buddy Reading', oibreoidh dhá rang le chéile i bpéirí agus léifidh siad leabhar Gaeilge le chéile.
Cluiche Biongó Bingo
Beidh Cluiche Bingo ar siúl don scoil ar fad, agus glaofar na huimhreacha amach ar callaire na scoile.
Ceilí Céilí Dancing
Beidh gach dalta páirteach sa chéilí, áit a mbeidh damhsaí traidisiúnta Éireannacha á gcleachtadh againn. Is deis iontach é seo chun ceol agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh le chéile.
Tráth na gCeist Table Quiz
Beidh ranganna 3 go 6 ag glacadh páirte i dtráth na gceist sa halla. Beidh na daltaí ag obair i bhfoirne measctha agus beidh duiseanna ann!
Lá Glas 💚☘ Green Day
Beidh Lá Glas againn Déardaoin, áit a mbeidh deis ag na daltaí gléasadh suas i nglas. Eagróimid paráid chun ár gcuid éadaí glasa a thaispeáint.
Aifreann Mass
Beidh aifreann againn chun ceiliúradh a dhéanamh ar Naomh Pádraig Dé hAoine.